An Rógaire Dubh

Dervish

Tá mo stoca is mo bhróga ag an rógaire dubh 
Tá mo stoca is mo bhróga ag an rógaire dubh 
Tá mo stoca is mo bhróga ag an rógaire dubh  
Mo naipicín póca le blian sa lá inniu 
    
Tá nead insa sliabh ag an rógaire dubh 
Tá nead insa sliabh ag an rógaire dubh 
Tá nead insa sliabh ag an rógaire dubh 
Ní ghabhfaidh sé an bóthar ach cóngar an chnoic 
Da bhfeicteása Máire taobh eile den tsruth 
Da bhfeicteása Máire taobh eile den tsruth 
Da bhfeicteása Máire taobh eile den tsruth 
Is a dhá chois in airde ag an rógaire dubh 
    
Goirim fhéin, goirim fhéin, goirim fhéin 
Goirim fhéin Micil 's Máire 
Goirim fhéin, goirim fhéin, goirim fhéin 
Siúd iad na Ceannabháin Bhána 

    
Cuirfidh mé, cuirfidh mé, cuirfidh mé
Cuirfidh mé suas chuig Sadhbh Sheáin thú 
Cuirfidh mé, cuirfidh mé, cuirfidh mé 
'S cuirfidh sí buairthín sa ngleann ort 
    
Briste gan básta 'bhí ar Pháidin Ó Raifeartaigh  
Hata bhí ard 'bhí ar Pháidin Ó Raifeartaigh 
Cosa caola ard 'bhí ar Pháidin Ó Raifeartaigh 
Is d'éalaigh mo ghrása le Pháidin Ó Raifeartaigh    
Curfá: Chorus (after each verse): 
Faidhfilileá, faidhfilil adió Faidhfilileá, faidhfilil adió 
Faidhfilileá is faidhfilil adió Faidhfilileá is faidhfilil adió 
    
Briste go glúine 'bhí ar Pháidin Ó Raifeartaigh 
Hata gan bonn 'bhí ar Pháidin Ó Raifeartaigh 
Cosa buí arda 'bhí ar Pháidin Ó Raifeartaigh 
Ach d'éalaigh mo ghrása le Pháidin Ó Raifeartaigh 
    
Eírigh i do shuí a Pháidin Ó Raifeartaigh 
Faraor ní fhéadaim tá ioscadaí lag ionam  
Tá mé san aois ach nil trí troithe ar fad ionam 
Féach mar sin fhéin go raibh mealladh na mban ionam 
   
Cailín 'ti mhóir go deo ní ghlacfaidh mé 
Bíonn sí nuall-ghuthach stuachach feargach 
Bíonn buille ar gach ní ar chat is ar mhada aici 
Amach sa meán oiche bíonn focal na faire aici 
    
Cailín ón sliabh go fóill a bheas agamsa 
Blífidh sí an bhó agus ceanglóidh sí an capall dom
Déanfaidh sí an ciste, mo chuid ime 'gus bainne dom 
Is go deo deo ní éalóidh le Páidin Ó Raifeartaigh
Página 1 / 1

Letras e título
Acordes e artista

resetar configurações
OK