Bruach Na Carraige Baine

Solas

Is thiar cois abhainn gan bhréag gan dabht
Ta an ainnir chiúin tais mhánla
Is gur ghile a cam ná an eala ar an dtonn
Ó bhaitheas go bonn a bróige
'Sí an stáidbhean í a chráigh mo chroí
Is d'fhág sí I m'intinn brónach
Is leigheas le fáil níl agam go brách
Ó dhiúltaigh mo ghrá gheal domsa

Ó b'fhearr liom fhéin ná éire mhóir
Ná saibhres rí na spáinne
Go mbéinnse 'gus tusa I lúb na finne
I gcoilltibh I bhfad ón ár gcáirde
Ó mise 'gus tusa bheith pósta a ghrá
Le haontoil athar is máthair
A mhaighdean óig is milse póg
Tú grian na carraige báine

'S a stuaire an chinn cailce, más dual dom go mbeir agam
Beidh cóir ort a thaithneodh led' cháirde
Idir shíoda 'gus hata ó bhonn go bathas
'S gach ní sa chathair dá bhfeabhas
Beidh do bhólacht á gcasadh gach neoin chun baile
Is ceol binn ag beacha ar bhánta
Beidh ól ar do ghlacadh is cóiste id' tharraingt
Go bruach na carraige báine
Página 1 / 1

Letras e título
Acordes e artista

resetar configurações
OK