Tá mé 'mo shuí
Ó d'éirigh an ghealach aréir
Ag cur teineadh síos gan scíth
'S á fadú go géar
Tá bunadh a' tí 'na luí
'S tá mise liom féin
Tá na coiligh ag glaoch
'S tá 'n saol ina gcodladh ach mé
Sheacht mh'anam déag do bhéal
Do mhalaí 's do ghrua
Do shúil ghorm ghlé gheal
Fá'r thréig mé aiteas is suairc
Le cumhaidh i do dhiaidh ní léir dom
An bealach a shiúl
Is a charaid mo chléibh
Tá na sléibhte ag gabháil idir mé 's tú
Casadh bean sí domh thíos
Ag Lios Bhéal an Áth'
'S d'fhiafraigh mé díthe
An scaoilfeadh glais ar bith grá
'Sé dúirt sí os íseal
I mbriathra soineanta sámh
Nuair a théann sé fán chroí
Cha scaoiltear as é go brách
Mais de 15 cursos com aulas exclusivas, materiais didáticos e exercícios por R$49,90/mês.
Tenha acesso a benefícios exclusivos no App e no Site
Chega de anúncios
Mais recursos no app do Afinador
Atendimento Prioritário
Aumente seu limite de lista
Ajude a produzir mais conteúdo