An bhfaca tú mo shéamuisín
Mo stóirín óg, mo bhuachailín?
An bhfaca tú mo shéamuisín
Is é 'gabháil síos an bóthar?
Níl bróg ar bith ar a dhá choisín
Ar a dhá choisín, ar a dhá choisín
Níl bróg ar bith ar a dhá choisín
Níl caipí air ná clóca
Ag dul ar scoil tá shéamuisín
Mo stóirín óg, mo bhuachailín?
Ag dul ar scoil tá shéamuisín
'S a leabharín buí 'na phóca
Ar a dhriom tá máilín beag
Tá máilín beag, tá máilín beag
Ar a dhriom tá máilín beag
'S a lóinsín ann is dócha
Do rugadh é I móin a lín
Ag bun an chnoic I nead éinín
Do rugadh é I móin a lín
In aice le bun dóite
Ó grá mo chroí mo shéamuisín
Mo stóirín óg, mo bhuachailín
Ó grá mo chroí mo shéamuisín
Ar maidin is tráthnóna
An bhfaca tú mo shéamuisín
Mo stóirín óg, mo bhuachailín?
An bhfaca tú mo shéamuisín
Is é 'gabháil síos an bóthar?
Níl bróg ar bith ar a dhá choisín
Ar a dhá choisín, ar a dhá choisín
Níl bróg ar bith ar a dhá choisín
Níl caipí air ná clóca
Tenha acesso a benefícios exclusivos no App e no Site
Chega de anúncios
Badges exclusivas
Mais recursos no app do Afinador
Atendimento Prioritário
Aumente seu limite de lista
Ajude a produzir mais conteúdo